Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 053
- XML “Scéalta Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéalta Grinn
Fadó sa t-sean aimsear ag na “Stations” deantaoi tae cun breicfeasta an t-sagairt i gcorcán cré mar a deintear anois. Ach deantaoi an tae cun breicfeasta dohs na daoiní eile a bhíodh láithreach, i gcorcán mór iarrain. Ní thaithneodh an saghas tae sin le cuid acu agus tagtaoi tae na gcorcán air.
Aon uair amháin bhí na “stations” adtig áirithe i bparóiste na tuatha. Bhí sean-duine ann agus chuaidh sé go dtí bean an tighe agus dubhairt sé léi ‘A Mháire a laoigh,” ná tabhair tae na gcorcán domhsa in aon chor mar ní réidtigheann sé liom. “Tá go maith a Dhairmad,” ars an bhean “fan go foílín go mbeidh an sagart ullamh agus tabharfad an tae chéadna a bhí aige duit”. D’fhán an sean-duine na shuidhe an scól in aice na téine. Chuaidh an bhean timeheall na cistineaeh agus do bhailig sí na billeoga agus garh an tríodar eile a fuair sí ar an mbord. Chuir sí sméaróid fé agus do bheirbh sí suas é go maith.
Ghlaoidh sí ar Dhiarmad annsa agus léig sí an tae bréaigh te amach cúige.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Mhic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Lios an Phúca, Co. Chiarraí