Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)

Suíomh:
An Gort Buí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Gilbert Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 064

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 064

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Buidhe
  2. XML Leathanach 064
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bealtaine fliuch agus Meitheamh breágh deineann an feirmeóir airgead an bliadhain san.

    RABHARTA PHÁDRAIG tugtar ar an aimsear chruaidh timcheall Lá Fhéile Pádraig

    SCAIRIBHÍN na gCUACH a tugtar ar an aimsear cruaidh in deireadh Abráin agus i dtosach Bealtaine

    LAETHEANNTA na BÓ RÍABHAICHE tugtar ar an aimsear cruaidh ó dheireadh Mí Márta go dtí an t-aonmhadh lá déag d'Abráin.

    Dá mbéadh Lá Naomh Swídin fliuch, bhéadh dathad lá in adhiaidh san fliuch.

    Tuiteann cith i gcomhnuidhe ar Lá Aonaig-an-Phuic cun an ceó do choimeadh síos ar an mbóthar.

    Bíonn an aimsear go holc igcomhnuidhe timcheall ar Lá na Samhna agus caitheann na feirmeóirí a gcuid bó do chuir isteach igcomhair an geimhridh.

    ós na scoláirí i sgoil Gortbuidhe, Lios-a-Phúca
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Mhic Gearailt
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    Lios an Phúca, Co. Chiarraí