Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 110
- XML “Reilig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá reilg i bparóíste na Tuatha. Teampall nocáin a tugtar ar an áít. I lár na reilge atá fothrach shean-theampaill Caitlicighe agus cuirtear daoine istig ins an bhfothrach. Tá uaig Muinntear Chathasaig istig sa fothrach. Tá eaglais Protastúnaig istig sa reilg leis. Cuireadh suas an eaglais seo tamall maith ó shoin agus bhí na Caitlicig ana chrosta nuair a chonnacadar an eaglais á thógaint. Oidhche amháin leagadh don talamh an eaglais. Bhí na póilíos amach annsan ag lorg eolais mar geall ar an obair. Thosnuigheadar ag tógaint na h-eaglaise an tarna uair. Bhíodh na póilíos ag faire ist oidhche acht tháinig na daoine airís agus leagadar na fallaí don talamh. Thug na protastunaig an chuis ós chomhair an bhreithimh i dTráighlí agus fuaradar morán airgid mar damáistí agus bhí an t-airgead go léir díolta le muinntear na tuatha. Tosnuigheadh an obair airís agus críochnuigheadh í gan a thuille troblóide, mar ní raibh aon dúil ag na daoinibh an eaglais a lot nuair a bhíodar ag díol go maith as.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Cróinín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Maol-lios, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Mhic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Lios an Phúca, Co. Chiarraí