Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 120
- XML “An Práta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i bpuill prátaí. Clúduightear an poll prátaí le scráth righin tirm, agus annsan le cré agus bíonn na prátaí com tirm ins an bpoll so agus dá mbeidís istig i dtig.Fadó deintí stairs agus stampaí do phrátaí (Féách leathannach 83 Alt 19).Fásann Kerr's Pink, Arran Banner, Epicure, Flounder, Golden Wonders, Flour-Balls, Champions, Black Reabhach, British Queens, Irish Queens, Up to DatesBhíodh cáíl mhór ar pharóíste-na-tuatha igcomhnaidhe mar geall ar na prátaí a bhíodh le fághail ann. Ithtear a lán prátaí annso, Caithtear amach na prátaí go léir in aon charn amáin i lár an bhúird. Itheann fear éigin dosaon prátaí móra ag a dhínnear.Fad ó ithtear prátaí cun breicfeasta agus cun dinnéir agus annsan roimh dul a codladh.Prátaí agus salann agus goblach ime agus baisín sgiadair ba gnath a bhíodh aca.