Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 147
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na bó ar an áit. Deirtear go dtagadh bó bhán go dtí an áít seo gach oidhche tráth an gorta nuair a gheibheadh daoine bás gach lá leis an ocras. Thagadh an bhó go dtí an crosaire gach oidhche agus dá mbéádh duine bocht san ceanntar a theastóchadh bainne uaidh. Thiocfadh sé agus chrúdhfadh sé galún bainne ó an mboin mbáin. Deirtear go dtagadh fiche duine go minic agus go gcrúdhaidís an bhó in an duine isin a nduine. Do sheasadh an bhó ar an bplás nglas i lár an chrosaire agus d'imthigheadh sí as an áit ar bhreacadh an lae. Aon oidhche amháín bhí an sagart pharóíste ag teacht abhaile ó bheith ag cur an ola dhéanach ar dhuine bhreóite agus connaic sé an bhó ar an áit. Do stad sé agus d'féuch sé go cruinn ar an mboin agus dúbhairt sé gur bhó bhán bhreágh a bhí ann. Do chimil sé a lámh le ceann na bó agus níór chorruigh sí as an áit. Deirtear go raibh bleágeárd éigin san áít agus tháinig sé go dtí an áit le gallún briste aige. Bhí sgéal imeasc na ndaoine go líónfadh an bhó aon ártach a bheádh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Diarmaid Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí