Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 150
- XML “Capall”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Lá amháin bhí meitheal mór ag Patsy, ag bualadh coirce le h-inneal mór a bhíodar. Ceithre capaill a bhí ag obair an inill agus i lár an lae cureadh an capall dubh isteach ag obair an inill. Do thosnuig sé ag léimrig agus ní dhéanfadh sé faic dóibh. Ní raibh na capaill eile ábalta ar aon obair do dhéanamh leis. Bhí Patsy ag féachaint ar an gcapall dubh agus nuair a chonnaic sé na cleasanna a bhí aige, dinnis sé don fir, tamall do stop (?) agus gal tobac a bheith aca. Tharraing sé amach an capall dubh agus chuir sé fé an gcarr - chlíatháin é agus thiomáin sé go Cilláirne ar nós na gaoithe. Dól sé leath-gloine fuiscí i dtig Sheáin Uí Cobhthuígh sa sráid nuadh abhaile leis arís gan aon mhoill. Bhí sé thar nais ins an iothlann i gcionn leath-uair an chluig. Do sguir sé an capall dubh agus chuir sé isteach airís in a áit ag an ineall, agus as san amach d'oibrig na capaill go léir go cneasta agus ní rabhadar abhfad ag bualadh an coirce. Diarmaid Ó Donnchadha
Ceathramhadh na hUamha
Lios-a-Phúca- Faisnéiseoir
- Diarmaid Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí