Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 152
- XML “An tAonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an stuif nimhneach bhidís ag búirthig ar nós daoine fiadhna ó Africa agus thosnuighidís ag troid gan aon chúis. Thagaidís abhaile agus a gcinn scoilte acht bhí na fir láidir agus sláinteamhail agus tar éis tamaill bídís slán airís. Oidhche na Gaoithe móire 1839. Deireann muinntir na h-áite seo gur sgiob an stoirm agus an gaoth na cabáin go léir as páirc an aonaig agus go raibh na fuisgí agus an pórtar doirtighthe timcheall na páirce. Annsan do bhí an spórt.Cillorglain gan greann
Gan airgead ná téir ann -
Baile beag briste
Lámh le h-uisge
Agus daoine gan tuisgint ann.Nuair a bhí Aonach an Phatrúin ag deánamh go maith bhí Cillorglain ag stracadh leis an diabhal agus bhí muinntear an baile ag déánamh a ndichil cun an aonaig do sgiob uatha síos go Cillorglain. Tar éis tamaill ní raibh Aonach an Patrúin i gCillgobnatan acht bhí aonach i gCillorglain an lá san.
Domhnall Ó Cróinín,
Gortbuidhe- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Cróinín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- An Gort Buí, Co. Chiarraí