School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar lean.
An Maighdean Mhuire agus Naomh Ioseph
Dion ar maidin is ló dhíonn
Is go mbeirid ár n-anam go Cathair na GlóireIarraim cabair Mhuire agus a Mic
Agus gárda ó'n Spiorad Naomh
Dhá láimh geala Críost idir sinn agus gach droch-nídh
Ó anocht agus bliain ó anocht
Go dtí lá mo bháisGach nidh d'ár deineamar ó rugadh sinn riamh
Mac Mhuire na ngrást dá radh, "seo maithun díbh iad"
An leanbh a crádhadh atá 'na dhuine is na Dhia
Ár seachaint go bráth ar gaire Iosgadh na bpianPaidir chun adaint do ciméad sa teine rith na h-oidhche
Coiglímíd an teine seo mara a dhein Críost Cách
Muire i dhá gceann an tighe agus Brighid 'na lár
An triúr is fearr atá i gcathair na nGrást
Ag deanamh díon d'ár dtig agus d'á bhfuil ann go lá
In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naomh.
Amen- Informant
- Bean Uí Conaill
- Gender
- Female
- Address
- An Rinn Aird, Co. Chiarraí