Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)
- Suíomh:
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn de Paor
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chonaire
- XML Leathanach 361
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Tímcheall trí fichid blían ó shoin bhí fiche bád...”
(ar lean ón leathanach roimhe)bádhadh ceann acu las 'muigh de Chóraidh agus ní fúairtheas aoinne des na fearraibh ríamh ó shoin. Is dócha gur chúadar síos leis an mbád agus tá an bád ann i gcómhnuidhe mar téigheann líonta na fir íascaig in achrann inte.(gan teideal)
“Bhí beirt búachaillí ann seacht mblíana deag ó shoin...”
Bhí beirt búachaillí ann seacht mblíana deag ó shoin agus bhí báidín beag seóil acu. D'imthigheadar amach lá amháin chun íascaireachta. D'íarr daoine ortha gan dul amach ar aon chor mar go raibh sé ró gharbh. Is amhlaidh a dheineadar gáire fútha. D'imthígheadar amach ró fada agus d'iompuig an báidín agus ní raibh aon bád acu le feiscint agus ní raibh aoinne chun íad do shaoradh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peig Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 77
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Inse an tSagairt, Co. Chorcaí