Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)
- Suíomh:
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn de Paor
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chonaire
- XML Leathanach 441
- XML “Cúram na gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó do bhíodh na daoine tímcheall fiche blíana d'aois sara gcaithfidís aon bhróg. Do bhíodh na leanbhaí cosnochtuithe i gcómhnuidhe.
Núair a níghfidís a gcosa ins an oidhche deiridís nár ceart an t-uisge do chaitheamh amach acht é fhágaint ar an dtaobh chlé de'n dorus agus an ursal do fhágaint ar an dtaobh chlé de'n teinne. Síad na bróga a bhíodh acu fadó na bróga bonn adhmuid. Dheinidís íad san as uachtair seana bhróga agus cuiraidís buinne adhmuid fútha. Ansan cuiridís píosa fonnsa mór-tímcheall ar bhár an bhuinn.
Nuair a bhídís ag dul go dtí an Aifreann thugadiís na bróga leó ar a gcúlaibh agus ansan núair a bhídís i giorracht cúpla cead slat do'n t-séipéal cuiridís na bróga ortha agus núair a bheidís ag teacht amach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Neil Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Both Chearnaigh, Co. Chorcaí