Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)
- Suíomh:
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn de Paor
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chonaire
- XML Leathanach 383
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An té go mbíodh bruitíneach air bhíodh sé mar leigheas ag na sean-daoine cróchar na gcaorach a bhailiú agus é chur isteach go h-árthus agus uisce chur tímcheall air agus é bheiriú agus nuair a bhíodh sé beirithe géobhaidis dhóthain len ól thubarfaidís don duine breóidte le'n ól é. Chlúdóchiaidís súas go maith é le planncaodaí teasaí chun alluis a bhaint as féachaint a gcuireadh sé na bruitíneach amach.
An té go mbíodh an trioch air bhí mar leigheas achu go dtugaidís fuighleac an fherréid do. agus sé an cuma thugfaidís fuighleach an ferréid do ná thubhairfaidís baine chun an fherréid agus d'ólfadh sé cuid de'n bhaine agus thógfaidís úaidh an t-árthus annsan agus tugadh síad an méid bainne a beadh san árthus indhíaidh an fherréid le'n ól de'n té go mbíodh an trioch air.- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Cruádhlaoich
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí