Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)
- Suíomh:
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn de Paor
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chonaire
- XML Leathanach 365
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí feirmeóir beag 'na chómhnuidhe i nDoire Chonaire. ...”
Bhí feirmeóir beag 'na chómhnuidhe i nDoire Chonaire. Rómhar sé páirc thailim chun gharrda do chur ann tímcheall ocht mblíana deag ar fhichid ó shoin i gclíathán na h-abhann acht thainig tuille tar-éis i rómhar agus d'iompuig sé cuid des na fóid thar nais agus an méid nár iompuig thug an tuille leis íad. Shocruig sé arís é cómh maith agus d'féad sé agus ráidh sé na scoiltháin ann agus thairig sé leasú agus do leath sé é agus más seadh do bhain sé na cleasa air agus do thaosg sé súas go slachthar íad leis an slúasad, agus i gcionn dhá lá na dhíaidh san thainig tuille agus do leibhéal sé arís íad agus thug sé carn dos na scioláin leis agus tuille d'fan in aice an chlaidhe a bhí i gclíathán na páirce. Do bhí tímcheall deich slata do bun gach iomaire loitithe leis an dtuille. Caith sé tabhairt súas gan an páirc sin do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Cruadhlaoic
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí