Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)
- Suíomh:
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn de Paor
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl acht aon ghabha amháin sa pharóisde seo. Ní leis féin an cheardcha acht le muinntir Tíghearna Beanntraighe. Sé an ainim atá ar an gabhainn ná Seán Gabha. Bhí a dearbhrathar, Tadhg, ag obair ann roimis. Bhí a athair 'na ghabha roimis sin. Tá an cheardcha suidhte le h-ais droichead an Gleanna-Ghairbh, tímcheall fiche slat on sráidbhaile. Tá ceann peilte uirthe agus tá ghnách doruis, garbh árd ann. Is féidir le beirt obair ann mar tá dhá theallac ann. Sidíad na húrlaisí atá aige ná an teanncair, an inneóin, an ceap-órd, tairgní, íarainn, cúpla casúr, siséal agus builg.
Deineann an gabha úrlaisí do'n feirimeóir. Deineann sé geataí, banndaí do rothaibh agus go leór nithe nach íad. Is amuigh fé'n aer a dheineann sé obair mar sin. Núair a bíonn an t-íarrain dearg aige, beireann sé air(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peig Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí