Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)
- Suíomh:
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn de Paor
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chonaire
- XML Leathanach 385
- XML “Leigheasanna”
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fé crann sceach gheal agus é níghe trí h-uáire índhíaidh a cheile agus é sgagadh agus é ól.
Dá mbeadh aon ghearradh ar duine 'sé an leigheas a bhí acu ná dul amach sa pháirc agus buileóg Crúach Pádraig d'fhághail agus é théigheadh leis an dteine agus annsan é chur súas an dteine agus annsan é chur suas leis an rud tinn agus leigheasfadh sé sin e.
Dá mbeadh glún leóinte ag duine sé an leigheas a bhí acu ná salann garbh do chur i gcanna agus é do dhóghadh ós cómhair na teine agus annsan é chur súas leis an nglún agus go leigheasfhadh sé é.
Dá mbeadh an triuch ag duine sé an leigheas a bhíodh acu ná luch do bheirbhiú agus é ithe. - Dá mbeadh lámh nó cos duine geárrtha gheibhidís galúnach agus siúcre agus plástar do dheanamh de agus é do chur ar an ghearrtha agus do leigheasfhadh sé sin é.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Conchubhair Ó Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Both Chearnaigh, Co. Chorcaí