Scoil: Cnoc Sceach, An Léim (uimhir rolla 10603)
- Suíomh:
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Ss. Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc Sceach, An Léim
- XML Leathanach 006
- XML “Tuireamh an Bhreachaire nó Caoineadh ar Dhiarmuid Breac Ó Conghaedhlaig ó Bhaile Rachadh Rí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I
Cúis éacht is uchlán na mbochtán bhfíorbhocht
Do cuireadh chun lorg a gcoda ar son Íosa
An Conghaedhlach Caithiseach carthanach craoibheach
Diarmuid Mór fé Cruaidhlic sínte.II
Taoiseach tabharthach tú agus tigheasach
Bláthmhar buachach buchmhaith bríghmhar
Nár leig a ceart le neart dá aoirde
Agus nár cheil a cabhair in am na daoirse.III
Fear fearamhail flathamhail fíorceart
Faraire forusta foirtil deag ghníomharthach
Na Rioradh b-é [?] sármaith táinte in Aolbrog.
'S nár airig éinne é ag maoidheamh as.IV
Leabhar-fear lannamhar láidir líomhtha
Léigheanta lódmhar líonmhar líonmhar
Nár ghaibh cam ar namhaid sa cóimhsgar
Is nár umhluig ceann fé annsmacht daoine.(leanann ar an chéad leathanach eile)