Scoil: Cnoc Sceach, An Léim (uimhir rolla 10603)
- Suíomh:
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Ss. Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I
Idir Cuanor 's Léim atá stuaire na gcraobh
Stuaire an rusc uaithne b'feárr tuairsg clú 's méin
Nára buan a bheidh sa tsaol gan nuachtar gan spréig
An té lua tú faoin thúairm, is ná tabharfá fuascailt orm féin.
II
'Sle rátha táimse am luighe 's is bán bocht é mo ghnaoi
Ní fógh ante é mo shláinte 's is gnáthach mé síos.
Le grádh geal don mhnaoi do sháruig mo chroidhe
Mo shlán chúgat-sa a bháin chnis go dtráchtfaid-sa on chill.
III
Do chím chúgam aníos an smóilín tríd an gcoill
Tá sí ró naibhreach 's tá buala ag á croidhe
Mo chuaichín bhreágh bhínn d'fhuaigheadar sinn.
Ná gluaiseóchaimís le chéile go raghaimís sa chill
IV
A uain ghil mo chléibhe nú a gcualaís an scéal
Gur fé uaigneas a fuarthas me ar uair bheag an lae
Mura dtígir anois liom 's mé [?] ón gcúmha
Imtheochaid an gheilt ar fuid gleannta nú beaid go fannlag san [?]
V
Thíos cois na trágha iseadh cómhnuigheann mo ghrádh(leanann ar an chéad leathanach eile)