Scoil: Cnoc Sceach, An Léim (uimhir rolla 10603)
- Suíomh:
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Ss. Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí gaoil leis annsan. De Mhuinntir Shúilleabháin a b'eadh iad. Bhíodh sé ag obair na dteannta agus ba geárr a bhí sé ann nuair a phós sé Neill Ní Mhuirigghe Cailín deas triopalach a bhí sa bhaile chéadna. Inghean feirmeóra b'eadh Neil. Cuadar araon chun chomhnuightha i dtig beag bhí ar fheirm Chonchubhair Uí Suilleabháin i doir loga.
Bhíodh sé ar aimsir thall is abhfus ag tuílleamh a pháidh an fear bocht
Bhí se tamall beag éigin ar scoil agus é 'na gharsúin agus d'féadfadh sé beagán Béarla a léigheamh go gcarr chuibheasach Bhíodh aige ghá léigheamh na leabhair do bhíodh ag clann an t-sean-breachairí i mbaile Radhairaí
Sa Scibirín a fuair Mícheál bás. Cuireadh i Roilg na Mainistreach le hais an scibrín é. Sid iad na daoine gur ceap sé caointe no mairbhne dhóibh
1/ An tAthar Seán Paor. Fuair bas Lúghnasa 1831 imBealach ó [?] is do cuireadh i Ros ó Cairbre dhein Mícheál dhá thuireamh don phaorach agus mar seo thárla gur dhein. dhein file béarla i nDún Maonmhuighe saghas caoineadh i mbéarla do phaorach agus chuir Mícheál gaedhilg air. Tá ocht bhéarsaí de sin ann mar thuireamh agus hocht líne i ngach bhéarsa acu. Ní tuireamh ceart é acht amhrán agus fonn air. acht ní i dtaobh an amhráin(leanann ar an chéad leathanach eile)