Scoil: Cnoc Sceach, An Léim (uimhir rolla 10603)
- Suíomh:
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Ss. Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá ana-chomhacht san dán seo. Deirtear gurb é an dán mór is deidheanaighe a ceapadh sul ar tháinig an meath go léir ar an ngaedhilg é. Cé déárfadh go mbeadh aon comhartaí báis ar an litríocht as ar [?]chiolruigh sé seo. Luaidhtear leis go léigh an Coilsánach an "Elegy in a Country Churchyard" agus gur iarr sagart éigin air gaedhilg do chur air. B'féidir gur léigh sé an Elegy ach má dhein táimíd cinte dhe nách aistriú a ceapadóireacht. Níl aon rann ann go bhfuil aon ghadhol aistriúchán idir é agus aiste Gray. Ní fheicimíd de cosamhalacht eadora ach seo:- gur laoi ar roilig gach dán díobh agus go bhfuil siad araon go sár-áluinn de réir na gcuspóirí a chuir an bheirt filí rómpa agus de réir an tsaghas machtnamh a chuir an t adhbhar ina n-aigne.
Ag seo gearr chompráid idir deanamh an dá aiste filíochta. Cloistear an nóta brónach í gcead líne an Coileánach "Do doilg duaire" an duaircheas a bhí ar an dtír agus ar na Gaedhealaibh bochta claoite.Tá dordán na dtonn dá meascadh tríd an mbrón san atá "ag léirsmaoineadh is ag luadh, ar coraibh cruadha an tsaoghail.
Feachaimís anois ar an sonas agus an suaineas a chuireann an chead rann don Elegy in iúil dúinn - Cloisimíd cling chluig an tráthnóna : "The curfew tolls the knoll of parting day". etc. etc. gach fuaim níos buige na chéile(leanann ar an chéad leathanach eile)