Scoil: Cnoc Sceach, An Léim (uimhir rolla 10603)
- Suíomh:
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Ss. Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc Sceach, An Léim
- XML Leathanach 142
- XML “Na Seanscoileanna”
- XML “Dia agus Mise Chuige”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus do gheibheadh sé biadh agus leabadh saor ó bhfear a thige cómh maith.
- Bhí mór sheisear spealadóírí ag feirméar, agus bhí a mhac ar cheann acu, agus bhí mac an fheirméara 'na dtosach ag gearradh agus gach aon ceann de'n seisear fear 'na dhiaidh, agus iad ag cur díób h ar a ndícheall agus thar a ndícheall ag iarraidh coinneál suas leis. Bhí an seana fheirméar, Sasannac a beadh é. Bhí sé 'na sheasamh ag geata na páirce a' feachaint ar 'na fir a' gearradh nuair a ghabh fear siubhal anoir a' bhóthar agus do chuaidh sé chuige agus dubhart sé bhí sé ag féacaint ar an obair bhí ar siubhal agus dubhart sé leis an bhfeirméar ná ceart do'n mhac bheith ag cur de cómh tréan san, go marbhóchadh sé na fir. "Sin é an buachaill" adubhart an seana fheirméar "cuirfidh sé sin iachaint ortha an págh a thuilleamh." Fear breágh, deag chumtha b'ead an fear siubhail é cómh sgafánta aon lá le mac an fheirméara. Preab sé isteach sa pháirc agus d'fhiafhruig sé de'n fear deirionnach bhí ag gearradh, an speal a thabhairt do, agus dubhairt sé go dtabharfadh agus fáílte. Do thóg sé an speal, agus do gaibh sé ar a cuma féín é, mar dubhairt sé na raibh sé in órdú ag an bhfear eile, cun(leanann ar an chéad leathanach eile)