Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 022

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 022

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 022
  3. XML “Comhairle an tSeanduine”
  4. XML “An Siúinéir Géarchúiseach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fear a bhí ann fadó is bhí mac aige. Bhí an mac ar tí pósadh is bhí na sceulta cleamhnais ag teacht chuige in aghaidh an laé. Mar seo lá bhí an t-athar is a mhac ag obair sa gháirdín. Tháinig cúpla sceula chun an mhic. D'iarr an mac cómhairle d'á athair is b'é seo an cómhairle a thug an t-sheanduine dho
    "Is dubh iad na sméara cé gur geal a gcroidhe
    Is searbh iad caora an cárthainn crainn
    Siad méinn mhaith, [?] do ghach uile nídh
    Is bíodh an scéim ar an dté na gcuirtear í."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí beirt sagart ag teacht ó státhúin lá is chonnacadar Eóghan Ruadh ag obair. Dúbhairt an sagart óg leis an seana sagart go gcuirdheadh sé [?]speic ar Eóghan. 'Ná bac" arsan seana shagart. "Bacfadh" adúbhairt sé.
    "Súinéir ag obair go mall
    Is buille aige thall sa bhfus
    "Seadh" arsa Eóghan
    "Sagart is laidean na cheann
    Is a bholg ag damas le Punch"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge