Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 091
- XML “Scéal”
- XML “Roimh Deoch Abair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear na chómhnuidhe i dtig mbeag fadó agus bhí i mbéal gach aoinne gur naomh é. Ní raibh aon fhuinneóg ins an dtig agus is anamh a raghadh sé amach agus dá bhrígh sin níorbh fheacaidh sé gathanna na gréine riamh. Aon Domhnach amháin do chuaidh sé go dtí an Aifreann agus nuair a chuaidh sé isteach do shuidh sé in aice na fuinneóige. Amach san lá d'eirig an ghrian agus do chaith sí a gathanna isteach tríd an bhfuinneóig. Do cheap an fear gur batáí a bhí ann agus do bhain sé dhe a chasóg agus do chuir sé in áirde ar na gathannaibh í, agus d'fhan sé ann gur thóg an fear arís í. An tarna Domhnach tháinig an fear chun na h-áite ceudhna agus bhain sé dhe a chasóg agus do chuir sé in áirde ar na gathannaibh arís í agus do choimeád na gathanna suas í. An tríomhadh Domhnach do tháinig sé go dtí an Aifreann arís agus sar a chuaidh sé isteach sa t-séipéal do bhain sé dhe a chasóg agus do chuaidh sé isteach go h-ana mhórálach agus do shuidh sé ins an áit céadhna 'na raibh sé na Domhnaighe eile. Do chuir sé an chasóg in áirde ar gathannaibh na gréine arís agus do thuit sé ar an dtalamh mar do bhí peaca uabhair déanta ag an bfear.
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
- "Sláinte an bhradáin fé phortán
croidhe follaín is gob fliuch"