Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- File a mhair fadó agus mheas sé na raibh aoinne chómh mhaith leis chun filíochta. D'airigh Eoghan Ruadh mar gheall air agus dúbhairt sé go dtabharfhadh sé iarracht éigin fé agus go gcuirfheadh sé deireadh leis an meas a bhí ag daoinibh air. Mar seo lá bhí sé beartuighthe ag Eoghain Ruadh dul isteach sa tigh chuige ach dúbhairt na fir leis go raibh an file níos feárr ná aoinne a dhein dán ríamh. Shocruig Eoghain e féin annsan is chuir sé athrú éadaig air féin.
Dúbhairt sé annsan le na comráduighthe dul isteach san tigh ósta 'na raibh an File i dtreo's go n-aithneóchdh sé an file nuair a thiocfhadh sé isteach agus dúbhairt sé leo nuair a bheadh sé féin ag teacht isteach á rádh leis suidhe síos chun díghe d'ól agus go dtabharfhadh sé fogha fé an bFile annsan. Chuaidh na daoine isteach san tigh-ósta annsan agus tréis tamaill bhuail cúcha isteach Eoghain Ruadh. D'eirig an duine a bhí in aice an Fhile 'na sheasamh nuair a tháinig Eóghain Ruadh isteach agus labhair sé is dúbhairt sé "Suidh síos a Eóghan is ól deoch." Labhair Eóghan is dúbhairt
"Má shuídhim síos ós gcionn díghe scéithead sa
Fiafhruíghim díbh an mó rígh a bhí o bhreith Críost ar ghach taobh de'n mhuir,
no cad é an brígh ar cuireadh lucht léighinn ar bhun."
Shín Eóghan a mhéar chun an Fhile le na línn sin ach theip ar an bhFile aon fhreagra a thabhairt agus bhí an buadh ag Eóghan is ní raibh an meas ceudhna ar an bFile as san amach."- Faisnéiseoir
- Bean Mhicíl Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí