School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 085

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 085

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 085
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Thárla go raibh fear ag dul go Cíll Áirne aon lá amháin. Casadh ministir air agus leanbh aige is é ag dul á bhaisteadh. D'iarr an fear an leanbh air chun seasamh leis díreach chun an ministir a árdú. Seo mar a dhein sé bhéarsa ar chad a thárla.
    "Lá breágh aoibhinn margaidh,
    Ar mo thaisteal go Cíll Áirne,
    Cé casfaí orm ach ministir
    Agus é ag dul ag baiste páiste,
    Bhaineas féin mo hata dhíom
    Is d'úmhluigheas síos go talmh do
    Is nuair ná rabhas im Shasanach
    Níor ghlac sé mé mar cháirde.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
      2. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Folktales index
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Language
    Irish
  2. Bhí beirt fhear 'na gcómhnuidhe i dtigín cínn tuíghe le h-ais an bhóthair publí agus i bpróista Cíll Cóirna. Seán Ó Chonnail a beadh acu agus Pádraig Ó Chonnail a beadh an duine eile. Uncail do Sheán a beadh Pádraig. Thug Pádraig blúire beag talmhan a bhí aige do Sheán agus tar éis tamaill ní ró mhaith a réitóidis le na chéile agus go mórmór nuair a thagadh Seághan abhaile ón obair gach aon oidhche. Thugaidís cuid mhaith don oidhche ag troid agus ag eargóint ó gach taobh don teine. Ní raibh de sholus acu ach lampín beag óile a bhuailidís anáirde ar an íarta.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.