Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 160](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0329%2FCBES_0329_160.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 160
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Thainig sí go Chill Gobnatan agus is ann a chonnaic sí sé cínn d'fhíadhnaibh bána ann. Dhein sí paidireóracht annsan agus tá rian a glún ar chloich annsan. Tháinig Naomh Gobnait go Cnoic an Iúbhair agus chonnaic sí trí cínn d'fhiadhnaibh ann. Tháinig sí ar a glúinibh i lár páirce in aice tobairín a bhí ag eiríghe ó bhun carraige agus scairt sgeithe gile ag fás ó's a chionn. Do ghuidh sí annsan agus tháinig sí ar a glúinibh agus tá rian a glún ann fós le feisgint. D'fhág sí an áit sin airís agus tháinig sí go Carraigín na Cille. Codhail sí oidhche annso agus ar maidin le h-eiríghe na gréine chonnaic sí naoi gcínn d'fhiadhnaibh bana ós a cómhair amach agus chuir sí fúithe annso. Dhein sí turas annso agus tá rian a glúin le feisgint ann.Bhí an scairt ag fás ós cionn tobair beannuighthe atá in aice an turais agus chuireadh sí dá brath bláth bán tríthe gach aon bhliain. Tháinig fear do mhuínntir Duinnín a chómhnuig le h-ais na háite agus mheas sí an scairt a ghearradh agus i cur mar dhaingean roimis na ba. Nuair a bhí sé á ghearradh leis an dtuaig tháinig an ghaoth agus an fothram ba mó d'airigh aoinne riamh tímcheall air. Rith sé uaithe go mear agus d'fhág sé annsan í agus í nách mór geárrtha aige. Tháinig gaoth mhór láidir tamall 'na dhiaidh san agus cnag an scairt go dtí an gcroiceann agus(leanann ar an chéad leathanach eile)