Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 140
- XML “Nósanna Duine”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá sé de nós a gCiarraidhe nuair a tógtar an cómhara go geata na roilige geibhtear ceatharar ná bíonn aon ghaol acu leir an nduine marbh chun an chómharthainn a bhreith go dtí an uaig. Sar a cuirean siad an cré anuas ar an gcómharainn bogtar an clúdach agus fágtar mar sin é i dtreó is go mbeadh cead cos ag an nduine marbh ar an saoghal eile.
- File ana cháilmhar a mhair i mBaile Mhúirne fadó ab eadh Diarmuideach Seumas. Deirtear gur b'é an file ba bhinne is an cainnteóir ba mhísle a bhí san dúthaig le na línn. Mar seo lá thárla go raibh sé ag gábail siar ar chuaird go baile éigin in iarthar an pharóisde agus cé bhuaileadh sé leis ná file éigin eile ó Ciarraidhe. Deirtear gur b'é Finghín Ua Scanaill é agus ní fheadaramair bhfuil san fíor. Mar b'é gnáthach dóibh chuireadar speic cainnte ar a chéile agus amach sa chainnt labharadar ar chúrsa an t-shaoghail. As an gcainnt ba bheag nár eirig eichrann eatortha. Bhía Diarmuid dhá rádh go mBfhearr gan a thuille síoltú a bheith ar a dtreibhta agus bhí a mhalairt do thuairim ar fad ag Finghín. Mar sin ba mór é an t-aragóint a eirig idir an bheirt. B'é i bhFilíocht a labhairt Finghín sa(leanann ar an chéad leathanach eile)