Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 156
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí nós imeasg na ndaoine fadó in Éirinn sé sin go dtéighidís agus go dtógaidís creach. Ní raibh puínn airgid ins an am san a' gluaiseacht imeasg na ndaoine agus ní le h-airgead a dheinidís a ngnó ach le stoc . Is le beithidhigh a dheinidís a gcuid ceannaidheachta. Do mhalairtídís beithidhigh ar capaill, ar thalamh is ar nidhthibh eile. Annsan nuair a bhíodh cruadhtan no gátar ar dhaoine do bhailídís conghnamh fear le chéile agus théighdís isteach go dúthaigh éigin eile agus thugaidís creach sé sin do bhailídís na ba le chéile agus chomáinidís rómpa abhaile iad le fhorra agus annsan do roinnidísp eatortha féin iad. Uair éigin bhí ochtar de fhearaibh mhóra láidire i mbaile é
éigin in aice Beanntraighe - baile go nglaodhtar an Scairt uirthi. Gheibheadar I gcómhairle agus chuadar ó thuaidh go Chiarraidhe go baile go nglaodhtar Bórd O Níghean air agus thugadar creach.
Ins an Samhradh a thugadar í agus nuair a bhí sí bailighthe le chéile acu bhí sé déanach um tráthnóna. Bhíodar ag comáint na criche rómpa ar feadh na h-oidhche agus bhíodar a' déunamh ar an mbaile. Nuair d'airig muinntear Bórd O Níghean go raibh an creach fhuadaighthe dúbhradar go leanaidís í is go sáreochaidis í. Nuair d'airigheadar ná raibh ann ach ochtar fear dúbhradar ná cuiridís féin ach ochtar eile 'na diaidhthe chun í shárthú. Tháinig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Diarmuid A' Chotair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire na Sagart, Co. Chorcaí