Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 080
- XML “Seanráiteacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá o scoil lá o chéird, agus Domhnach o Aifreann trí nidhthe nách féidir leó casadh go brath
Trí saghaiseann daoine bochta"Duine bocht le toil De, Duine bocht le na thoil féin. is duine bocht dá mba leis an saoghal go léir"
Ceannuig deag-rud agus beidh agat saor rud
Ceannuig droch-rud is ní bheidh agat aon rud
Da mba leithe fear na sliabh
Ní thagann ciall roimh aois
Fásann níos mó i ngort ná mar a chuirtear ann
Cé na bíónn aon chnámh sa teanghain is minic a brhis sé ceann duine
Seachain an droch duine
Is ní baoghal duit an duine macánta
Is feárr bean ná spré
Is olc an chearc ná scríobann dí féin
Is annamh leis an gcat snathar a bheith airAn rud is giorra do'n chroidhe
Sé is giorra de'n bhéal
Cuímhnig sar a labhrair
Is feuch sar a léimir
Is bínn béal ná tost
Deinann ceann cíallmhar béal iarta
Is ciúin iad na líne lána
Is árd ghlór 's is beag sníomh é
Focal mór is gníomh beag(leanann ar an chéad leathanach eile)