Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 137
- XML “Eoghan Ruadh ag Spealadóireacht”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do's na folcadh dob fheárr agus do'n dáil is uaisle bhí,
Is sé an friotal seo atá ar an gclár i mbuaic do thíghe,
A thug mise ins an áit cé táim gan luach na díghe."
Le línn na cainnte sin d'Eóghain shín fear a tábhairne chuige a lámh. "O míle failthe rómhat" ar seisean "is tusa Eóghan Ruadh." Coimeád sé saor iad an oidhche sin agus ar maidin lár na mháireach scaoíl sé uaidh an fear eile ach choimeád sé Eóghan Ruadh ar feadh seachtmhaine ag seanachaideachth is ag cómhrádh is ag cumadh dánta. - Do bhí bean 'na cómhnuidhe ag Droichead na h-Ínse i gCíll Garbháin agus theastuig uaithe dul go dtí an t-aonach. Chuir sí fios ar a mháthair chun aire a thabhairt do'n tigh - chun na mbó do chrú agus an bainne a sgiomáil. Dhein sí obair an laé sa thigh agus d'imthigh sí um thráthnóna ag sgiomáil an bhainne Bhí tobán an uachtair istig in aonfhacht leis na céilírí. Thóg sí é agus bhí sí ag gábhail tímcheall léi thall is abhfus. Thug sí fé ndhearra leac fé thobán an uachtair. "Thiarcuis" ar sise "cad tá fé'n lic i lár an t-sheómra tógfad anáirde é féachaint ca tá ann nuair ná bhfuil aoinne istigh".
Shíl sí gan amhras gur próca óir a bhí ann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tadhg Ua Mulláin
- Inscne
- Fireann