Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 103
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Rígh ann fadó is bhí se pósta. Níorb fhada tréis saoghlú do'n cheud leinbh gur tháinig rud éigin san oidhche agus rug sé leis é ach bhí leanbh eile chun bheith ann tréis suím aimsire. Lá amháin bhí an Rígh sa t-shráid agus ar a theacht abhaile do um thráthnóna chonnaic sé istig i gcúinne na páirce ochtar fear agus iad 'na gcodhladh agus stad sé ag féachaint ortha. Ghlaoidh an Rígh ar dhuine acu agus chómh luath is do dhein dhúisgheadar go léir. D'fhiafruig sé do'n ceud duine cad a b'ainm do no cad a bhí ar a chumas a dheunamh. "Mise Cos Fé Chrios" adubhairt sé. "Nuair a thógfhainn suas cos liom do bhéarfhainn ar aon shaghas ainmhídhe a bheadh rómham amach" "Cad is ainm duitse" arsa an Rígh leis an dtarna bfear "Mise Cluas le h-Éisteacht" adúbhairt sé. Cad a dhéanfá arsan Rígh. "Dá gcuirfhinn mo cluas leis an dtalamh d'aireóchainn an feur ag fás no aon fhocal is lúgha a labharfaí sa domhan toir d'aireóchainn é."
Labhair an Rígh annsan leis an tríomhadh fear. "Cad is ainm duitse" ar seisean "Mise Greim Coinne Mhála ar seisean agus cad d'fheadfá dheunamh arsa Rígh Níl aon rud go mbéarfhainnse greim air ná go gcoimeádfhainn é pé neart a bheadh aige. Cad is ainm duitse ar seisean leis an ceathramhadh fear "Mise [?]" ar seisean agus níl aon rud na go mbéarfhainnse greim air: gur freasg mo dhroma(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bean Uí Thuma
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí