Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)

Suíomh:
Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 313

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 313

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúil Aodha
  2. XML Leathanach 313
  3. XML (gan teideal)
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Do bhí droichead cláir ag an Muileann fadó...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ciarraighuidh thar an droithead nuair a bhídís ag dul go dtí Corcaig. Tar éis droithid cloch do dhéanamh do bhí amhras ag na Ciarraighuidh gur mar inneal do bhí se ann rómpa. Dúbhairt duine acu le fear chapaill na cránach. Gaibh-se 'mach ar dtúis féuchaint an ciseach ó bhonn é nú trap chun marbhuighthe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí tigh tailiúr Crowel sé sin athair "Ghaedhil na nGaedhal" ar an dteórainn idir Dhoirín Áluinn agus Doire na Sagart. Tá an cabhlach ann fós, is ar bhóthar Doirín Áluinn atá sé . Deireadh an tailiúr go gcodhaluigheadh sé i nDoirín Áluinn agus go mbíodh a bhreicfeast aige i nDoire na Sagart gan an tigh d'fhágaint.
    Is amhlaidh a théigheadh sé tímcheall chun na dtighthe chun tailúireacht é féin agus a chlann agus a phríntísig agus d'fhanaidís sa tig go dtí go mbeadh éudach do'n lion-tíghe déunta acu. Bhíodh ana shaoghal sa tigh sin ar feadh seachtmhaine geall-leis mar do bhaillígheadh na chómharsain isteach istoidhche chun a beith ag éisteacht leis na tailúirí ag ínnsint sgéul agus ag ceapadh fuillídheachta.
    Uaireanta thugaidís seachtmhain na dtáilúirí air. Tugadh bean a' ríghe gloine uisge beathadh do'n tailúir gach maidin roimh breicfeasta agus ní bhíodh aon fhonn oibre ar an dtáilúir go bfhaghadh sé braon. Ní gheibheadh na príntísig aon bhraon ámhthach, ach uaireannta do gheibheadh an journey man a bhíodh ag obair ag an dtáilúir braon chómh maith leis an dtailúir féin.
    Ní bhíodh an mhiosúr ag na táilúirí fadó, is amhlaidh a gheárraidís mont i bpaipéar chun toise do thógaint.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. infreastruchtúr poiblí
          1. bóithre (~2,778)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Muláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    59
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Muirneach Beag, Co. Chorcaí