Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 304
- XML “Paidreacha”
- XML “Cailleacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Beirse m'anam go Ríoghacht na bhFlaitheas leat
Mapa bhfaighmíd trócaire sa'n Aondasc do-mharbhuighthe
I ndeinimíd piactanach tabhair i n-aisge dhúinn
Á gcrosa mealladh linn trí gach achrann ó Luan go Satharn - Triúr cailleach a dheinean an fás. Tosnuighean an trúir acu ar gach aon rud a chinn síos tríd an dtalamh lá Nodlag. Ní bhíonn aon rud ag fás annsan. Lá 'le bríghde tosnuighean duin acu ag cur síos 'na coinnibh leanaid mar sin go lá 'le Pádraig Tosnuighean an tarna cailleach ar cur aníos an lá san. Lá Bealtaine luighean an triúr an cur aníos de thoil a chéile go lá 'le Michíl.
Ar lá 'le Michíl tosnuighean duine ag cur síos agus an bhurt eile ag cur aníos na coinnibh. Leanaid mar sin go lá Samhna. An lá san tosnuigheann beirt ar chur síos ar a ndíthcheall agus duine ar chur aníos go lá Nodlag.. Sin é an chuma go mbíonn fás na bliadhna.
Caillichín na Glaodhtí
Bhí sí thall sa Doirín Gabhleach timcheall céad bliadhan ó soin. Sé an chuir gur tugadh an ainim sin uirthe ná go mbíodh sí ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Dómhnall Bán Ó Céilleachair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí