Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 317
- XML “Cailleacha”
- XML “Lios”
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do bhí caillichín na nglaoidhtí shiar i nDoire’n
Chuilinn agus bhíodh fear ag dul abhaile go déanach sa’n oidhche agus é ar meisge. Bhíodh sí ag teacht roimis agus á fhaireadh riamh is choidhche gur chuir sí de’n bhóthar é. - Tá lios thall i Réid na nDoirí agus do deineadh taidhreamh do dhuine do bhí na chómhnuidhe i n-aice an leasa go raibh próca óir istig ann. Chuaidh sé féin agus beirt fhear eile ag rómhar agus ag tómhach an leasa san oidhche agus nuair d'aimsígheadar an t-ór ní thógfadh aoinne acu amach é mar tá shé ráidhthe go bfaghadh an duine sin bás i gcíonn tamaill bhig. Annsan do fuareadar duine símplídhe chun an t-ór do thógaint amach mar cheapadar nárbh aon díobhbháil é sin d'fághail bháis. Do thóg an fear símplídhe an t-ór amach agus do fuair sé bás tímcheall mí na dhiaidh san agus do bhí an t-ór ag na daoine eile
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Muláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Muirneach Beag, Co. Chorcaí
- Ceist
Tá sé thoir tá sé thiar tá sé i ngáirdín Baile Átha Chliath, is mó a ghreim ná greim capaill agus ní itheann sé piuc na dhiaidh san.
Freagra
Speall.
Ceist
Ceathrar ag rith, ceathrar ag crith, beirt ag déanamh éóghluis a's mac uí ghiobalachán ag rith na ndiaidh:
Freagra
Bó ag rith(leanann ar an chéad leathanach eile)