Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 368
- XML “Doineann”
- XML “Laethanta na Seachtaine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lá san. Nuair a chonnaic an táilliúr an tuille ag teact do ruith sé amach agus anáirde ar chrann. Do ruith an cat anáirde ar crann eile. Do leagadh an ceann ar a raibh an táilliúr agus do bághadh é. Do sguab an tuille an tig léi agus na daoine a bhí ag baint na mona. Tímcheall an ama céadhna táinig tóirneaca mora agus spancanna. Bi tig amhain i mBaile-Múirne agus do dhein sé morán díogbhála do. Do briseadh na fuinneóga agus do dóghadh gach rud dá raibh sa tig ach amhain na pictiuirí beannuighthe.
- "Buile luath an Luan nú buile deirneach an tSatairn ní raibh an t-ádh leo riamh".
"Lomadh an Luan ní bíonn sé buan".
An fice la deirneach de'n bhliadain deirtear nach ceart rud do dhíol nú do cheannach níor ceart síolta a chur, dul ar thuras na tosnúgadh ar aon ghnó tábhachtach eile.
La ádhmharach iseadh Aoine an Chéasta(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Céilleachair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí