Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 376
- XML “Táilliúirí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó is amlaidh a théigheadh na táiliuirí timcheall go dtí na tigthe ag obair de réir mar a bíodh gádh leó. Bhí táiliúir annso i mBaile Mhuirne agus tugthaí tailiuir na ~Samhna mar leas-ainm air. Bhí sé ag obair ag muinntir Loingsigh thuas i Sliabh Riabhach lá amháin. Na crosairí a tugtar ortha san. Aimsir na Samhna a bhí ann. I gcionn tamaill tháinig duine de mhuinntir Loinsrigh isteach agus dubhairt sé "Is olc an tSamhain í". Cheap an tailiúr gur chuige féin a bhí sé agus dubhairt sé "Caithfimíd go leir cur suas le crosaibh an tsaoghail".
Chuaidh fear fé dhéin táiliúr na Samhna agus dubhairt sé leis a toise do thógaint. Fear ana aerac do beadh an fear seo agus dubhairt an táiliur leis. "Airiú tá do thoise ag an ndúthcaig"- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Céilleachair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí