Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 383
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do bheith ró raidheamhsail.
Cómhartha clagair iseadh na creabhair caocha do bheith ag cur na ba ag guidheal.
Dá mbeadh loinnir ar na carraigeacha cómhartha clagair iseadh é.
Dá mbeadh úrlár a tíghe fliuch sin cómhartha deagh aimsire.
Dá mbéadh an súgh ag tuitim sin cómhartha clagair.
Dá mbeadh na fáinnleóga ag eitilt go h-árd sa spéir deagh cómhartha iseadh é, agus dá mbeidís ag eitilt go h-iseal sin cómhartha clagair.
Dá mbéadh an triompalán timcheall sin cómhartha deagh aimsire leis. - Dá mbeadh fáirtní ar dhuine agus dá bhfuigheadh sé lochán uisge ar bhárr carraige agus iad do níghe ann deirtear go leighisfí iad sar abhfad. Nú dá bhfuigheadh sé seacht clocha beaga agus iad do chur isteach i bpáipear agus iad do chur ar an mbóthar. An duine a thógadh na clocha sin deirtear go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Tadhg M. Ó Duinnín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí