Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 331
- XML “Cúrsaí Bia”
- XML “Tithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Níor bhé an bíadh céadhna a bhíodh acu fadó agus atá acu anois. Prátaí ar fad a bhíodh acu fadó ach bhíodh mín-choirce agus bainne reamhar acu uaireanta. Iad féin a dheineadh an mhin choirce do mheilt. Bhíodh tráthanna áirighthe i rith na bliadhna agus bhíodh féasta ag na daoine. Sé an bíadh a bhíodh acu an uair sin ná mil agus arán cruithneachtan agus bhíodh té acu uaireanta. Ba mhinic a bhíodh staimpí agus praiseach acu. Seo mar a deintí an staimpí - gheibhidís na prátaí agus dheinidís iad do níghe agus do lomadh. Dheinidís iad do ghril annsan agus do bhácáil. Sé an sórd gril a bhíodh acu ná clúdach bosca agus poill déanta ann le tairgní. Ní deintí é d'úsáid d'aon ghnó eile ach do's na prátaí amháin.
- Ins na tigthe a bhíodh acu bíodh cuid na fallaí déanta de chré. "Fallaí fidín" a tigthaíar na fallaí san agus bhíodh tuille díobh déanta de chlocha. Sé an sórt dín a bíodh ortha ná scrat curtha anuas ar an adhmad agus tuighe nú fionnán deas mín anuas ar sin agus é ceangaile le slata ar a dtugtaí scuilb Fionnán an gnáth rud a bhíodh ann ach i dtigthe na n-uasal bhíodh giolcach i n-ionad an fhionnáin. Úrláir cré na gnáth úrláir a bhíodh ionta ach bhíodh leacacha a gcuid díobh. Croiceann gabhair a bhíodh ins na fuinneóga i n-ionad ghloine. Sé an glas a bíodh acu do'n doras na lúb as stapla ó'n dtaobh amuich agus bólta adhmaid ó'n dtaobh istig. Mura mbeadh an bólta ann chuirfidís sámh thach rámhainne nú rud éigin mar sin na choinnibh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Gairm bheatha
- Gréasaí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí