Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 342
- XML “Rómhar”
- XML “Seán Bán Gabha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sa ló, ceathrar ag oscailt na n-iomairt a's beirt ag sgoltadh na gcnámh nú na caolfháda a's ghá n-iompailt. Do phiocálaidís é as do sáthaidís na sgioltáin ann. I gcionn suim aimsire bhainidís na clasacha air le rámhainní. Chaitidís amach na cnopóga móra ar dhrom an iomaire. I gcionn seachtmaine nú mar sin bhrisidís na cnopóga le gabhail-aoilig nú le grafán dá mbeidís láidir. Suim aimsire 'na dhiaidh san chaithidís amach a bhíodh 'na dhiaidh ar na clasacha b'sin é an chead cré. Cuirtí an ath-chré ortha nuair a bhíodh na gais árd a ndóthain. Is le rámhainn nú le sluasad a deintí an obair go léir.
- Bhí fear ann fadó agus cníopaire ceart a bhí ann. Ní bíodh aon nídh ag déanamh buadhartha dho ach conas a dhéanfadh sé airgead. Bhíodh sé ag obair do ló 's d'oidhche agus fiú amháin gach Domhnach a's lá saoire. Lá amháin agus é ag obair an an gcuma san, do labhair an guth ós a chionn sa spéir agus dúbhairt "Is beag an chabhair duit do chuid chruadhála béarfaidh Seán Bán Gabha leis do chuid airgid Dhein san ana bhuaidhreamh do agus bhíodh sé ag cuimhneamh i gcómhnuidhe conas a chuirfeadh sé an t-airgead i bhfolach. Fé dheire chuimhnig sé ar sheift. Bhí bloc mór adhmaid amuigh sa chlós aige agus chuimhnig sé dá mbeadh an t-airgead istig i lár an bhluic go mbeadh sé sábhálta. Fuair sé tráthar agus thiomáin sé poll isteach i lár an bhluic agus chomairimh sé trí céad sabhran óir 'na gceann is 'na gceann isteach ann. Chuir sé pluga admaid sa pholl is do leithbhéal go slachtmhar é i dtreó is ná h-aithneóchadh aoinne é "Seadh anois" ar seisean "tagadh Seán Bán Gabha nú aoinne eile(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Gairm bheatha
- Gréasaí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Inse Mhór, Co. Chorcaí