Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- A Dhonncadh is léan liom an scéal
so ort le h-innsint
Gur iompuighis id tréithe is le sliocht
gur claoid-se
Gur tugais an bíobla in éitheach i dtréan
maslúghadh Íosa
Ná raibh aon brígh ag an Maidean Mánla
is gur máthair geal Críost í
Cuimhnig is machtnaimh ar beatha na
naomh
Is na bhfhuil ag an gconairt ach deighile is claon
Is múscailt na maidne
b’fhéidir gur in ifrinn seolta bheadh
ag cóiruí do leabtan is ná bhfhlaithis
na glóire
II
Iarr-se na grásta ar na Slánuightheóir
Naomhtha
Is ar an Maighdean Mánla atá láimh
leis mar céile
Mar isí connaic sa pháis é go cráidhte
tinn céasta
Mar a b’eadh rígh amadánta ag an gárdha
dhá dhaoradh
Do goirt a cuid fola ar an gcrosaire
go cruaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 28
- Seoladh
- An Rathúnach Thoir, Co. Chorcaí