Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Céad moladh le Muire mar a
dheineas an Aoine
go mbeadh mo chuid fola ’na sruthaibh
im thímpeall
Mo chuid feola ’na spóladh
Agus ó a Muire bheannuighthe screadaim
ó’m croidhe ort
Gabhad-sa suas an bóthairín caol dubh
Bhí dá machtíre ar gach taobh dom
Bhí a shúil ar lasadh mar a bhead coinneal
ar taobh cnuic
Bhí a bhéal a leathadh chun mé slogadh
im aon-feacht
Chuadhas féin go doras na bhfhlathas
Tháinig an dóirseóir cúgham go tapaidh
D’fhaifhruigh sé díom cad a dheineas ó
bhíos im’ leanbh.
Níor b’é sin an t-anam a Mháire
do barradh
Sgríobh sé “biocamas” is go h-ifreann
síos liom
Poll dubh dorca dólásad
scriosfadh
Sciob sé an gruaig do bhathas mo
cinn-se
Is do dhein sé poll tríd mo croidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Neill Bean Uí Thuama
- Inscne
- Fireann