Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 214
- XML “Dúil san Óil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear agus bean ag teacht abhaile ó Corcaigh oidhche . Meisgeóir a b'eadh an fear agus an céad tig tabhairne a bhuail air cuaidh sé isteach ann. Bhí muinntir an tíghe na gcodhladh agus bhí eochair ag an bhfear agus d'osgail sé an doras agus chuaidh sé isteach agus dubhairt sé mar seo:-Tá lionn ag Philip Ó Spallán
Lionn breágh folláin bríoghmar
Cuirfeadh sé bacaig ag rinnce
Níl sé na lá ná na lá &rl
Ach bean dá rud mar sin dá magadh.Cheap sé go nduiseóchadh muinntir an tighe ach níor dein.
Dúbhairt sé :-Éirig ad suidhe a fir an tighe
Cuir ort do bhríste is do hata
Chun go gcoimeádaimíd coilleach do shuairc
Is fear an chroidhe mór go maidean
Tá sé na lá is na lá &rl
Is go deimhin is cóir dom triall abhaile.D'fheach sé suas agus chonnaic sé na caoire ag ithe an geamhair dúbhairt sé:-Táid na caoire ag ithe an geamhair
Táim na gamhna ag ól an bainne,
Tá mo seisreach sa bhfód
Is go deimhin is cóir dom triall abhaile.- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Thuama
- Inscne
- Baineann