Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 096

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 096

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 096
  3. XML “Seán Mór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear thiar i gCiarraidhe fadó agus bhí leabhar Gaoluinne aige. Sé ainm a bhí air ná "Tadg Gaolach"
    Thagadh na chómharsain isteach ag scuruidheacht agus ag éisteacht leis ag léigheadh an leabhair agus 'á scrúdú. Bhí duine críona de na cómhairsain ag éisteacht leis "Déanfá dochtúr maith a Sheáin" ar seisean, "tá mórán daoine móra ann agus shamhluigheann siad go mbíonn siad breóidhte agus ní bhíd."
    Lá ar na mháireach comáin sé féin agus a bhean go Corcaigh agus do fuaradar lóisdín na h-oidhche ann, bhí muintir an tíghe 'a fhiafruighe dhóibh an raibh aoinne ag fághail bháis i gCiarraidhe agus dubhradar ná fuair aoinne bás le cúig no sé bliadhna pé sgéal é "Airiú ná fuil fhios agaibh go bhfuil an bás caithte isteach sa bhfarraige i mbuidéal". Tá daoine ag faire ar an dtráigh ar eagla go dtógfadh aoinne an bhuidhéil agus go mbainfeadh sé an chorc dhe agus go mbeadh sé ag marbhúghadh na ndaoine.
    Chomáin Seán agus a bhean go dtí an fharraige agus bhí an taoide istigh, dhruideadar amach le linn an taoide bheith ag imtheacht, agus chonnaic sé buidéal caithte ar an dtráigh agus bhí corc air. Dubhairt Seán leis féin go mb'fhéidir gurab'é seo an bhuidéal 'na bhfuil an bás ann. "Is mise an bás" dúbhairt guth
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0332: Godfather Death
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Thuama
    Inscne
    Baineann