School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 153

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 153

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 153
  3. XML “An Circín Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí rígh ann fadó is minic abhí agus beidh arís leis. Bhí aon mach amháin aige. Bhí rígh sa somhan thoir agus bhí inghean aige agus ní bhfaghadh aoinne le pósadh í ach duine a dhéanfadh na dása a chuirfeadh a h-athair air.
    Dúbhairt an mach leis le na athair go raghadh sé fé dhein inghean an rígh féachaint an bpósfadh sí é nó “téighidh” ar seisean “mar níl aon maith dhuit ann. D’imthig an mach fé ’na dhéin nuair a chuaidh sé isteach i dtig an rígh sa domhain, tháinig sé fe dhein an rígh onóraig. “Cadé an iongnadh é sin” ar seisean “Is mó rígh agus prionnsa a tháinig rómhat.”
    Chuireadh cóir leabthan air, i gcóir na h-oidhche. Nuair eirig sé ar maidin agus d’ith sé a breicfeast dúbhairt sé leis imtheacht amach agus an stábla do glanadh, nuair a chaitheadh sé amach sgaob do thagadh trí sgaob isteach.
    Shuidh sé síos agus luig sé ar ghuil, dubhairt an inghean le na máthair gur mithid an dinnéir a bhreith chun mach an rígh. “Más truagh leat é déanfaimís é” ar sise “beir leat amach lionn-craobh agus arán ruadh na ngadhair,” d’imthig sí triall air ach ní hé an biadh sin a thóg sí amach cuige ach an biadh agus an dígh dob’ fhearr abhí sa tig. Cuaidh sí amach ag triall air agus bhí sé amuich roimp ag gol. “Suidh síos” ar sise agus ith do dhinnéir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish
    Informant
    Neill Bean Uí Thuama
    Gender
    Female
    Age
    67
    Address
    Baile Bhuirne, Co. Chorcaí