Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 136

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 136

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 136
  3. XML “An Sprid sa Portach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear ag dul ag sguruidheacht oidhche agus bhí sé ana dorca. Do chaithfidh sé dul tré portach ag dul go dtí an tíghe na mbídís ag sguruidheacht. An oidhche seo do chonnaic sé fear ag siubhal roimis agus gan aon ceann air, bhí sé mar a bheadh sé gearrtha dhe le tuagh. Bhí sé ag siubhal leis agus nuair a bhí sé imthighthe tamaillín do thuit a láimh dheis dhe agus glaoidh an fhear air agus dúbhairt sé "féach do chaillis rud éigin" ach ní fhéadfhad sé aon rud d'fheisgint ar an dtalamh agus níor iompuig an duine eile.
    Nuair a bhí sé imthighthe tamaillín eile do thuit an lámh clé de agus glaoidh an fear air arís ach níor iompaig an duine eile agus ní raibh aon rud ar an dtalamh.
    Nuair a bhí sé ag déanamh ar deire an phortaigh do chuaidh an corp gan ceann gan lámh síos tríd an dtalamh, D'innis sé do gach aoinne dá raibh sa tig an rud a chonnaic sé agus dúbhairt cuid des na fearaibh go raghaidís amach á lorg ach ní raghfadh an cuid eile aca leo.
    Tráthnóna amháin tímpeall dá mí na dhiaidh san do bhí an buachaill agus a athair agus a mháthair agus a dhriothár istigh na suidhe tímpeall 'na teine agus nuair a bhí an oidhche ag dorcúgadh d'airigheadar coiscéim duine taobh amuich de'n
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Ristéard Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Aois
    61
    Seoladh
    Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí