Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Eoghain Ruadh ag siubhal lá agus bhí buachaill óg ar an dtaobh istig de’n claidhe i ngáirdín agus bhí an gáirdín ag fás go h-ana árd agus d’iarr Eoghain air “Cad é an ainim a bhí ar an áit” agus dúbhairt an buachaill “Drom na Garraidhe” ansan dúbhairt Eoghain:-
“Drom na Garraidhe, na crannaí
cúmhartha”
Do fhreagair an buachaill é:-
“Isiad san na crannaí
ga bhfuil (bhain) na torthaí fútha”
“Is buachaill maith tú” arsa Eoghan agus an céad áit eile a buailfidh tú orm tabharfaidh mé rud éigin duit. Bhí cómhgar ag rith tríd an pháirc go dtí an bóthar agus rith an buachaill síos agus rith sé amach roimis Eoghain. Do gáir Eoghain agus dúbhairt sé:- “Do mhúin duine éigin tú,” agus dúbhairt an buachaill “Tú féin a mhúin mé,” agus do buail Eoghain idir an dá shúil é le píosa leath-coroinneach.- Faisnéiseoir
- Seán Ua Luasaigh
- Inscne
- Fireann