Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí duine uasal ann. Bhí triúr inghean aige. Fuair sé cuireadh lá dul go pósadh é féin agus a bhean. Do geibhadar go dtí an pósadh agus ba maith an maithe d'es na cailíní í, mar beadh ana oidhche aca féin sa bhaile.Do bhí seómra sa tig agus ní leigtí d'es na cailíní dul isteach in aon-chor ann agus d'airig an cailín críonna go raibh geasa ar cathaoir a bhí ann. Bhí sí ag cuardach cun go bhfuair sí an eocair agus d'oscail sí an seómra agus chuadar isteach agus shuidh an cailín críonna sa cathaoir agus d'iarr sí ar Dhia agus ar an gcathaoir lord éigin do teacht chun í do phósadh, do dhein an tarna cailín an rud céadna agus nuair a airig an driofúirín óg iad á iarraidh ar Dia d'fhiafraigh godtiocfadh an mac-tíre bán chun í féin do thógaint.
Tháinig na beirt tighearnaí agus thógadar a mná féinig agus nuair a bhíodar imthighthe, tháinig an mac-tíre agus dúbhairt sé leis a mnaoí teacht cuige, dúbhairt na cailíní aimsire ná leogfaidís sí imteacht agus dúbhairt an mactíre bán go gcuirfeadh sé an tig síos tríd an dtalamh muna leogfaidís amach é, b'éigin di imtheacht agus bhí tig buartha brónach ag na cailíní aimsire as san amach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Céilleacair
- Inscne
- Baineann