Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 223

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 223

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 223
  3. XML “An Mactíre <span class="exact">Bán</span>”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tamall chonnaic sí deatach agus rith sí do dtí an áit agus bhí bean istig agus bhí buacaillín agus í ag déanamh spóirt di.
    Chuaidh sí isteach agus d'iarr sí lóistín na h-oidhche ar an mnaoí, thug sí di é agus chuir sí cóir maith uirthi agus ar maidin nuair a bhí sí ag imteacht do thug sí cíor de agus dúbhairt sí lei aoinne a chífeadh sí agus gruaig gránda aice na beadh aice le déanamh aici ach an cíor a cuir ann agus go mbeadh gruaig breágh aici.
    D'imithig sí leis agus an tarna oidhche tháinig sí go dtí tig eile agus do bean agus leanbh dá blian istig agus d'iarr sí ortha a dtabharfaidís lóisdín na h-oidhche dhe agus do thugadar agus ar maidin nuair a bhí sí ag imtheacht do thug an bhean siosúr de agus dúbhairt sí dá bhfeicfeadh sí aoinne le balcais cirt go bhféadfadh sí an siosúr do chuir ann agus go mbeadh eadaighe breaghtha uirthi. D'imig sí lei agus an céad oidhche eile tháinig sí go tig eile agus bhí bean agus leanbh bliana istig ann, thugadar lóistín oidhche dhe agus ar maidin nuair a bhí sí ag imtheacht do thug bean an tíghe fáinne dhe agus dúbhairt sí dá bhfheicfeadh sí tobán éadaighe salacha in aon áit ná beadh aici le déanamh ach an fhainne do cimilt leo agus go mbeidís glan ansan. Do ghaibh sí buidheachas leis an mnaoi agus chuir sí an bóthar de.
    An cearthmhadh oidhche bhí sí ag imtheacht agus tháinig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Céilleacair
    Inscne
    Baineann