Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 355
- XML “An File is A Mhac”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí file agus a mhac ag siubhal oidhche réiltíneach. D'oir d'on athair a fhágail amach an raibh filidheacht. Seán ab'ainm de'n buachaill agus ní raibh se ach deich mbliadna d'aois tá's agat. D'fhéach an athair ar an spéir agus dubhairt sé leis an mac "A Sheáin cad iad na soillse beaga iad san shuas san spéir ? ag ceapadh ar nóin go ndéarfadh an buachaill rann éigin filidheachta má bhí se ann d'fheagair an buachaill é mar seo:-
"Airiú a dhaidí shin puill bioráin ar úrlár na bhFlaitheas ag leigint an t-solas amach." Bhí saghas fearg ar an athair ach mar sin féin dubhairt sé leis féin muna raibh filidheacht ann go raibh sé cliste ar aon chuma. (gan teideal)
“Nuair a dearfaí le seanduine "Conus tain tú?" sé an freagra a thugah sé ortha ná:...”
Nuair a dearfaí le seanduine "Conus ta'n tú?" sé an freagra a thugah sé ortha ná:-
"Táim críonna caithte, is mo cheann ag teacht chun tailimh,
Agus mo mheádhchaint ar an maide
agus mo chúl ag eascar,
Mar a bheadh plannda grafaig
Idir dhá Céadaoin Earraig."