Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
  2. XML Leathanach 005
  3. XML “Dómhnall agus na Púcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí baintreabhach ann uair agus do bhí aon mhac amháin aici. 'Sé an áit 'na raibh comhnuidhe ortha na shoir ansan le h-ais Carraig Tíghe Éoghain. Do bhíodar ana bhocht agus fraoch abhí mar dhíon ar an dtíghe acu. Domhnall ab' aimn de'n mhac. Do théigheadh Dómhnall ag sguruidheacht gach aon oidhche, agus uaireannta do bhíodh sé déanach nuair a bhíodh sé ag teacht abhaile. An oidhche seo do bhí sé amuich ag sguruidheacht mar ba ghnáth.
    Do bhí sé ag déanamh amach ar a h-aon dhéag a chlog san oidhche nuair abhí sé ag teacht abhaile. Dob' éigin do dul thar leasa. Nuair abhí sé ag gabháil thairis do tháinig púca amach cuige, agus stop sé é agus do thosnuig sé ag caint leis.
    Dubhairt sé leis go gcaithfeadh sé teacht leis féin. Do thaisbeáin sé dhá bhrob
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Bean Sheáin Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    67
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí