Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an athar agus tar-éis tamaill do bhí franncac déanta aige de'n athair.
Tháinig eagla ar fhear a' tíghe agus do thosnuig sé ag screadaig mar do tháinig cat mór bán amach agus do rith sé in dhiaidh na franncac, agus do bhí beirthe aige air gheall leis nuair a thosnuig an fear ag léigheadh airís agus ar leagadh an súl do bhí sé iompuighthe 'na fhear airís aige.
D'airig ceann de's na manaig mar gheall ar an diablaidheacht agus aon lá amháin nuair abhí an buachaill as baile do chuaidh sé go dtí a phóca agus do thuit an píosa páipéar amach as agus nuair a fhéach sé air ní raibh aon rud sgríbhte air agus do chaith sé isteach sa teine é.
Ó'n lá san amach ní raibh aon chómhacht ag an mac agus ní raibh a fhios aige chár imthig an píosa páipéar.- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí