Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 058

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 058

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
  2. XML Leathanach 058
  3. XML “Séamus agus an Púca”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    aithin sé ceann an capaill ó'n eirbeall ó chianaibh.
    Dubhairt sé leis ansan go mb'fhéidir ná h-aithneochadh sé ar ball ciaca ar a cheann nó ar aca a chosa a bheadh sé féin ar siubhal. I gcionn tamail do chuadar amach dóibh féinig airís.
    Do rugadar ar an dá bhrob luachra airís agus dubhairt an firín beag na trí focail greannmhara airís agus dubhairt Séamus 'na dhiaidh iad, agus do deineadh dhá chapaill breághtha de'n dá bhrob, agus do thugadar a n-agaidh ar an mbaile, ansan agus nuair a thánadar go dtí an Dubh Chathair dubhairt sé le Séamus bheith cuige airís ar thuitim na h-oidhche anocht.
    Chómh maith do tháinig Séamus amach cuige. Do bhídís amuich gach aon oidhche i dteannta a chéile mar sin.
    Ní raibh tig duine-uasal in Éirinn gan cuairt a thabhairt ann aca.
    Do bhí a ndóithin ólta aca fé'n am
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    68
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Bean Sheáin Uí Luaisaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí